Beidh cruinniú nios deireanaí inniu ag ceannairí na dtrí pháirtithe Rialtais ag a mbeidh an tAire Airgeadais Michael McGrath agus an tAire Caiteachais Phoiblí,Paschal Donohue i láthair freisin.
Coicís ón lá amárach a chuirfidh an Rialtas Buiséad 2024 i láthair na Dála.
Chuige sin, tá an-imní léirithe anois faoin ró-chaiteachas sa Roinn Sláinte, ag tarraingt ar €1bn anois tuigtear.
D'fhéadfadh sé nach mbeidh an méid céanna airgid ann le caitheamh go poiblí dá bharr.
Ró-éileamh an phobail ar na seirbhísí leighis chomh maith leis an ardú ar bhoilsciú faoi ndear é seo, deirtear.
Chomh maith leis sin géarófar ar na cainteanna maidir leis an mbealach is fearr freastal ar éileamh na n-airí éagsúla i dtaca le caiteachas dhe.
Tuigtear go bhfuil beartas ar fiú €1bn é á réiteach don bhuiséad ar an faoina laghdófar cáin ioncaim sa bhuiséad a fhógrófar ar an 10 Deireadh Fómhair.
Tráthnóna inniu beidh cruinniú ag na hAirí McGrath agus Donohue leis na ceannairí Rialtais a mbeidh a gcuid tosaíochtaí éagsúla féin acu maidir leis an nithe ar chóir díriú orthu sa bhuiséad.
Ina measc sin ar ndóigh beidh beartais aon-uaire bainteach leis an gcostas maireachtála a chosain €4bn ar an Rialtas anuraidh.
Tuigtear nach mbeidh an Rialtas chomh flaithiúil i mbliana le dáileadh an airgid sa chás seo.
An míniú atá aige go bhfuil an ráta boilscithe laghdaithe go suntasach le tamall agus nach dteastaíonn an chabhair chéanna ón bpobal.
Ceaptar go láidir go mbeidh ar a laghad creidmheas amháin fuinnimh ar fáil, ach arís nach mbeidh fáil an geábh seo ar 3 íocaíocht de €200 an ceann mar a bhí anuraidh.
Cnámh spairne amháin a d'fhéadfadh a bheith sa bhuiséad baineann sé leis an ráta íseal Cáin Bhreis Luacha (VAT)ar ghás agus leictreachas agus ar chóir leanacht leis sin tamall eile.
Tá an socrú sin le dul in éag an mhí seo chugainn.
Dar le Comhaontas Glas níl sa socrú ach foirdheontas do lucht soláthair breosla iontaise.
Creideann Fianna Fáil agus Fine Gael go bhféadfadh droch-impleachtaí a bheith ann de bharr ardú an chostais breosla ag na stáisiúin peitril.