Tá diúltaithe ag an gcraoltóir náisiúnta RTÉ conradh fostaíochta bainteach le hiar-Ardstiúrthóir na heagraíochta Dee Forbes a sholáthar do Choiste na gCuntas Poiblí i nDáil Éireann.
Níl RTÉ sásta ach oiread a deirtear eolas a sholáthar maidir leis na pacáistí airgeadais scoir a tugadh d'iar-Stiúrthóir Tráchtála an chraoltóra,Geraldine O'Leary ná dá iar-Phríomh Oifigeach Airgeadais,Breda O'Keefe.
Tá suas le 160 cáipéis inmheánach tugtha ag RTÉ don choiste,ina measc cur síos cuimsitheach ar an gconradh deiridh a siníodh idir é agus an láithreoir Ryan Tubridy.
Suas le 162 cód ar fad deirtear a thug RTÉ ar lámh don choiste.
Ag labhairt dó ar raidió RTÉ ar maidin, dúirt Cathaoirleach Choiste na gCuntas Poiblí, Brian Stanley (SF) go bhfuil díomá air nach bhfuil na cáipéisí ar fad a bhaineann le pacáistí imeachta agus conarthaí chuid de fheidhmeannaigh RTÉ faighte acu.
D'adhmhaigh sé go bhfuil roinnt mhaith cáipéisí faighte ag an gcoiste ó RTÉ ach léirigh sé imní faoi na cinn nár tugadh ar lámh mar a dúirt sé go mbaineann siad le triúr a bhí lárnach sa chonspóid faoi íocaíochtaí a bhí á ndéanamh ag an gcraoltóir náisiúnta.
Tá feidhmeannaigh ó RTÉ le bheith os comhair an choiste dála sin arís an mhí seo chugainn.