Bhí triúr fear os comhair Chúirt Dúiche na Gaillimhe inniu agus cionta a bhaineann le scliúchais a tharla sa chathair ocht lá ó shin curtha ina leith.

Cúisíodh Eddie Ward, 47 bliain d'aois, i maide a bheartú le linn gráscair i lána idir Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe agus an Bóthar Mór agus an chuma air go raibh sé ar tí ionsaí a dhéanamh.

Cuireadh i leith Andrew Sweeney, 39 bliain, gur bheartaigh sé corrán i gcarrchlós Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe agus an chuma air go raibh sé ar tí ionsaí a dhéanamh.

Cúisíodh Johnny McDonagh, 20 bliain, i mbíomal rotha a bheartú agus mí-ord foréigneach ar bun aige ag stáisiún peitril ar an mBóthar Mór.

Ceadaíodh bannaí don triúr agus tabharfar os comhair na cúirte arís iad ar an 18 Deireadh Fómhair.

Ghabh na Gardaí naoi nduine dhéag agus tá roinnt acu cúisithe roimhe seo i gcionta éagsúla a bhaineann leis na scliúchais.

Cuireadh cóir leighis san ospidéal ar cheathrar a gortaíodh san achrann a bhí i gcarrchlós Ionad Siopadóireachta na Gaillimhe ar Bhóthar Áth Cinn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ