Tá leabhar nua Gaeilge-Úcráinise dar teideal Spraoi / Забава curtha ar fáil ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Is ar pháistí sa Ghaeltacht agus ar pháistí ón Úcráin a théann ar scoil sa Ghaeltacht atá an leabhar nua dathúcháin dírithe.
Is iad Tuismitheoirí na Gaeltachta féin i gcomhar le Forbairt Tuaithe na Gaillimhe a chuir an leabhar i dtoll a chéile agus deir siad go bhfuil súil acu go mbeidh sé ina áis foghlamtha agus siamsaíochta sa seomra ranga agus sa bhaile araon.
Is bailiúchán de léaráidí spraíúla a rinne Fearghas Mac Lochlainn agus liostaí focal agus frásaí Gaeilge atá aistrithe go hÚcráinis ag Nadia Dobrianska atá sa leabhar.
Is ón Úcráin Nadia agus tá Gaeilge líofa aici. Cuireadh as a seilbh í mar gheall ar an gcogadh san Úcráin agus tá sí ag cur fúithi sa tír seo anois.

Tá cód mearfhreagartha ag dul leis an leabhar agus is féidir leas a bhaint as le teacht ar fhuaimniú na bhfocal – i nGaeilge agus in Úcráinis – ar shuíomh gréasáin Thuismitheoirí na Gaeltachta.
Is iad glórtha na ndaltaí i Scoil Cholmáin, Muigh-Inis, in Iorras Aithneach, Co na Gaillimhe, atá le cloisteáil sna taifeadtaí agus is in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna a seoladh an leabhar inniu.
Dúirt ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, gur iarracht atá sa leabhar "aird a dhíriú ar an gcúnamh ar leith atá ag teastáil ó scoileanna Gaeltachta a bhfuil gasúir ón Úcráin ag freastal orthu".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ