Tá athbhreithniú seachtrach ordaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le roinnt obráidí ortaipéideacha a cuireadh ar dhaoine óga in Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple, i mBaile Átha Cliath.
Dhearbhaigh an Fheidhmeannacht gur tharla "roinnt eachtraí tromchúiseacha agus obráidí dromlaigh á gcur ar leanaí" san ospidéal.
Dúradh go bhfiosródh saineolaí ón mBreatain na hobráidí a chuir dochtúir comhairleach amháin ar naoi leanbh déag san ospidéal chomh fada siar le 2018.
Leanaí le spina bifida a bhí i gceist agus tugadh le fios gur bhain ionfhabhtuithe agus aimhréidheanna eile do chuid mhór acu tar éis dóibh dul faoi scian.
Dúradh freisin gur ionphlandáladh gléasanna neamhúdaraithe i roinnt acu.
De réir an eolais atá tugtha ag an bhFeidhmeannacht, bhí dhá eachtra ar leith ann a bhí thar a bheith tromchúiseach agus dúradh go bhfuair leanbh amháin bás.
Níl an dochtúir a bhí freagrach as na heachtraí tromchúiseacha sin ag cur obráidí ar dhaoine faoi láthair.
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt Príomhoifigeach Oibríochtaí FSS, Damien McCallion, go raibh leithscéal gafa ag an eagraíocht le muintreacha na bpáistí a bhí i gceist.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ