Tá sé tagtha chun solais gur íoc Bord na Móna an cháin a gearradh ar phríomhfheidhmeannach an chomhlachta as an sochar comhchineáil a bhain sé as a ghluaisteán agus as a pholasaí árachas sláinte anuraidh.

€64,000 a bhí sa bhille cánach a gearradh ar an bpríomhfheidhmeannach Tom Donnellan as an sochar comhchineáil.

De réir na gComisinéirí Ioncaim, sochar comhchineáil is ea "aon sochar neamhairgid a bhfuil luach airgeadúil leis a thugann tú d'fhostaí. Tugtar pá barúlach, sochair imeallacha, solamar, peorcais nó buntáistí ar a leithéid de shochair in amanna chomh maith".

Ó tá luach airgeadúil le sochar comhchineáil, áfach, breathnaítear air mar ioncam inchánach.

Tháinig an scéal faoi bhille cánach Tom Donnellan chun solais i bhfreagraí ar cheisteanna parlaiminte a bhí curtha ag an Teachta Dála Fergus O'Dowd ó Fhine Gael ar an Aire Comhshaoil Éamon Ryan.

Luach €127,000 atá i ngluaisteán an phríomhfheidhmeannaigh agus dar le Fergus O'Dowd go bhfuil seo os meán ar fad.

Níor chóir, a dúirt sé, go mbeadh luach os cionn €60,000 in aon ghluaisteán a chuirfí ar fáil do phríomhfheidhmeannaigh chomhlachtaí Státurraithe ar nós Bhord na Móna.

Go deimhin, arsa sé, ba chóir do Tom Donnellan an cháin ar a shochar comhchineáil a íoc é féin.

Níl dada ráite faoin scéal fós ag aon duine ón Roinn Comhshaoil ná ó Bhord na Móna.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ