Bhí slua i láthair ar bhruach Loch nEathach i dTuaisceart Éireann inniu ag éileamh go ndéanfaí gnímh chun dul i ngleic leis an truailliú ansin.

Tá an loch truaillithe go h-olc le halgae gorm glas.

Droch-fhadhb ag an loch le halgae gorm glasCaption

Deir lucht feachtais gur droch-bhainistiú ar an loch feadh na mblianta is cúis leis an bhfadhb ollmhór seo.

Lucht feachtais díomách agus feargach

Is í Loch nEathach atá suite in oirthuaisceart an oileáin agus fáiscthe istigh idir 5 chontae ó thuaidh den teorainn an loch is mó úruisce in Éirinn agus sa Bhreatain.

Sileann 42% den uisce ar bharr talún i dTuaisceart Éireann isteach i Loch nEathach ag áit éigin.

Tá 6 mhórabhainn ag rith isteach sa Loch, agus loch amháin a shníonn amach aisti ag tabhairt uisce léi go farraige.