Tuairiscítear anois go bhfuil cabhair idirnáisiúnta tagtha chuig an Liobia, agus na seirbhísí éigeandála i dtíortha eile ar fud an domhain faoi réir le dul isteach sa tír le pé cabhair is gá a thabhairt.

Tá oirthear na Liobia ag fulaingt le fuarlaigh mhora agus tuilte le beagnach seachtain anois.

Droch-bhail fágtha ag na tuilte
Níl aon chur síos ar an scrios atá déanta

Faraor, tháinig droch-scéala eile amach ón gceantar sin inniu mar go bhfuil a fhios anois gur maraíodh i dtimpiste bóthair ceathrar ó fhoireann tarrthála leis an Ghréig.

Bhí siad ag taisteal ó Benghazi go Derna ar bhus nuair a tharla an tinpiste.

B'amhlaidh a bhuail an bus agus carr faoina chéile.

Maraíodh triúr freisin a bhí sa ghluaisteán,

Gortaíodh roinnt mhaith daoine freisin sa timpiste.

Áirítear go bhfuil suas le 900,000 duine thall ansin anois gan aon dídean, ar bheagán bia agus cóir leighis ag teastáil uathu de bharr na géarchéime seo a bhuail oirthear na tíre 5 lá ó shin.

Tá suas le 4,000 duine maraithe freisin de bharr na tubaiste cé nach féidir a bheith cinnte go beacht faoin bhfigiúir sin mar go dtagann sé ó údaráis oirthear na Liobia.

Figiúir níos airde atá ag na Náisiúin Aontaithe (UN), a deir go bhfuil breis is 11,000 duine tar éis bháis.

Is beag dóchais anois atá ann go dtiocfar ina mbeatha ar aon duine atá ar iarraidh, 10,000 de réir fhigiúirí an UN.

Áiríonnn an UN freisin go bhfuil 40,000 fágtha gan teach gan dídean de bharr na dtuilte.

Deirtear gurb í cathair agus calafort Derna is measa atá buailte; an chathair sin scriosta,geall leis.

Tá foireann measúnaithe seolta chuig an réigiún ag Rialtas na Liobia atá lonnaithe i Tripoli.

Deir sé go bhfuil thart ar 1/4 de na foirgnimh scriosta ansin ag rabharta uisce na seachtaine seo caite.

Báthadh cuid mhaith de Derna seachtain ó shin agus scuabadh daoine agus foirgnimh amach chun farraige.

Tá na céadta corp tagtha isteach go cuan ó shin.

Fadhb mhór eile anois is ea an baol go méadóidh galair agus aicídí sna réigiúin is measa atá buailte, agus cuirfidh sé sin leis an ghéarchéim daonnachta.

Cuireadh drochbhail ar an gceathrú cuid de chathair Derna nuair a theip ar dhambaí le linn stoirme.

Tar éis lascadh a thabhairt don Ghréig an tseachtain seo caite, tháinig Stoirm Daniel ag réabadh anoir ón Meánmhuir arú inné. Derna is measa a d'fhulaing ach buaileadh bailte eile freisin, an dara cathair is mó sa tír, Benghazi ina measc.

Deir an tAire Rialtais Hichem Chkiouat atá ar an gCoiste Éigeandála sa réigiún go bhfuil 1,000 corp aimsithe go dtí seo.

Scuabadh chun na farraige amach cuid mhaith foirgneamh

Tuairiscíonn Reuters go bhfuil feithiclí caite chuile áit, tithe faoi uisce, crainnte leagtha.

Tá soláthairtí agus lucht fóirithinte á dtabhairt faoi thionlacan i dtreo na cathrach.

Tá an Libia scoilte agus an taobh thoir ina bhfuil Derna faoi riail éagsúil pholaitiúil ó iarthar na tíre.

Tá stádas idirnáisiúnta ag an Rialtas thiar i Tripoli agus cé nach bhfuil aon smacht acu ar an taobh thoir, tá ábhar fóirithinte seolta acu go Derna, agus eitleán amháin fóirithinte ar a laghad tar éis cathair Misrata a fhágáil ó mhaidin agus 14 tonna ábhair chomh maith le 87 de mheitheal leighis ar bord.

Tá cúnamh tairgthe ag an Éigipt, an Iaráin, Catar agus ag an Iodáil agus tá Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe a deir siad ag iarraidh cuidiú chomh maith.