Tá Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (EC),Ursula von der Leyen, ar cuairt inniu ar oileán Lampedusa sa Mheánmhuir, áit a bhfuil roinnt mhaith imirceach mídhleathach tagtha i dtír le roinnt míonna.
D'iarr Rialtas na hIodáile, ar leis an t-oileán, ar Ursula von der Leyen theacht i láthair mar go dteastaíonn cabhair an Aontais Eorpaigh (AE) uaidh chun déileáil leis an ghéarchéim.
I dteannta von der Leyen tá Príomhaire na hIodáile,Georgia Meloni.

Tá plean 10 bpointe curtha le chéile ag Uachtarán an EC féachaint le dul i ngleic leis an bhfadhb chasta seo agus imircigh mhídhleathacha a choinneáil amach as bloc an AE.
Dúirt Frau von der Leyen freisin go raibh sé i gceist freisin dul i ngleic leis an ngáinneáil seo gan trócaire a dhéantar ar dhaoine leochaileacha.
Dúirt Signorina Meloni go gcaithfeadh tíortha na hEorpa ar fad oibriú as lámha a chéile chun dul i ngleic leis an ghéarchéim seo.
'Tá todhchaí na hEorpa uilig ag braith air' a dúirt sí.
De réir na bhfigiúirí atá curtha i dtoll a chéile ag áisíneacht imirceach na Náisiún Aontaithe, tháinig suas le 8,500 imirceach isteach ar oileán Lampedusa in imeacht 3 lá an tseachtain seo caite.

Tá sin sa bhreis ar dhaonra an oileáin féin.
Ar bháid a tháinig siad agus áirítear go raibh beagnach 200 soitheach i gceist ar fad.
Níl Lampedusa ach timpeall is 90 míle amach ó chósta na Túinéise i dtuaisceart na hAfraice.
Is maith atá a fhios ag an saol anois cén líon imirceach ón Afraic a dhéanann iarracht an Mheánmhuir a thrasnú ar mhaithe le saol níos fearr a chruthú dóibh féin i dtíortha an AE.
Is minic a théann siad i gcontúirt a mbáis ag déanamh a mbealach go deisceart na hEorpa ar bháid nach mbíonn in ann ag an turas.
Tá sí ar cheann de fhadhbanna móra na linne don AE agus ní cosúil gur chun feabhais a rachaidh an scéal sna blianta romhainn.