Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go gcreideann sé go mbeidh Éire aontaithe an athuair le linn a mharthana.
Ag labhairt dó ar RTÉ inniu, dúirt an Taoiseach go gcreideann sé gur ag dul sa treo sin atáthar faoi láthair.
San am céanna, arsa sé, bheadh milliún Briotanach ina gcónaí in Éirinn aontaithe agus bheadh rath na tíre ag brath ar conas a chaithfí leo mar mhionlach, dar leis.
Ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda san Eilvéis i dtús na bliana, dhiúltaigh Leo Varadkar ceist faoi aontú na hÉireann a fhreagairt.
Bhí an tAontas Eorpach agus an Bhreatain ag féachaint le teacht ar chomhréiteach ar Phrótacal an Tuaiscirt ag an am agus bhí imní ar Leo Varadkar, a dúirt sé, go bhféadfadh aon fhreagra a thabharfadh sé ar an gceist conspóid a tharraingt.
Cuireadh ceist ar an Taoiseach inniu faoin mbailéad gríosaitheach Celtic Symphony a chas na Wolfes Tones ag fleá cheoil Electric Picnic le gairid.
Mhaígh an Taoiseach gur maith le daoine amhráin a chasadh in éineacht le daoine eile agus dúirt sé go mb'fhéidir go gcuirtear barraíocht suntais ina leithéid in amanna.
Os a choinne sin, arsa sé, is féidir le bailéid mar Celtic Symphony daoine a ghoin go croí.
Má táthar leis an tír seo a aontú, a dúirt sé, caithfidh daoine a machnamh a dhéanamh ar conas mar a rachaidh a gcuid focal agus a gcuid amhrán i gcion ar dhaoine eile.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ