Tá sé ordaithe ag breitheamh i Sasana go gcaithfeadh an bhanaltra Lucy Letby an chuid eile dá saol sa phríosún faoi sheachtar naíonán a dhúnmharú agus iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in 2015 agus 2016.
Ní bheidh aon chead aici iarratas a dhéanamh ar pharól as seo go deireadh a saoil, de réir ordú an bhreithimh.
Fuarthas daor Lucy Letby sna cionta i gcúirt i Manchain Dé hAoine beag seo.
Dhiúltaigh sí teacht os comhair na cúirte an lá sin agus arís inniu nuair a gearradh an phianbhreith uirthi.
Dúradh sa triail gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú san ospidéal a raibh sí ag obair ann i gcathair Chester in iarthuaisceart Shasana.
D'instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d'ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith, a dúradh.
Bhi cúpla agus dís tríríní i measc na naíonán a mharaigh sé.
Mharaigh sí freisin beirt leathchúplaí as dhá chúpla éagsúla agus rinne sí iarracht an bheirt eile sa dá chúpla céanna a mharú.
Feachtas cruálach, faltanasach agus fuarchúiseach in aghaidh leanaí soghonta a bhí ann, arsa an breitheamh inniu.
Níl aon aiféala ar Lucy Letby agus níl aon imthosca maolaitheacha ann, a dúirt sé.
Bhí muintreacha cuid de na leanaí sa chúirt inniu.
I ráiteas a léigh sí sa chúirt, dúirt máthair amháin gur léir gur chreid an bhanaltra go raibh sé de cheart aici Dia a dhéanamh di féin i dtaca leis na leanaí a bhí faoina cúram.
Dúirt máthair eile ainneoin gur duine olc í Lucy Letby a mharaigh leanaí d'aon ghnó gur bhraith sí gur uirthi féin a bhí an milleán faoi bhás a linbh de bhrí, arsa sí, nár chosain sí an buachaillín ar an olc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ