skip to main content

An bhanaltra Lucy Letby ciontaithe i seachtar leanaí a dhúnmharú

Lucy Letby
Lucy Letby

I gcúirt i Manchain, fuarthas ciontach an bhanaltra Lucy Letby i seachtar naíonán a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in ospidéal i gcathair Chester in iarthuaisceart Shasana.

Mhaígh an t-ionchúiseamh sa triail gur dhuine fuarchúiseach í Lucy Letby a bhain mí-úsáid as breoiteacht na mbunóc a bhí faoina cúram lena gníomhartha a cheilt.

Dúradh sa triail go raibh ardú suntasach in 2015 agus arís in 2016 ar an líon naíonán tinn a bhí ag éirí níos tinne fós, gan choinne, sa bharda le haghaidh leanaí nuabheirthe.

Tháinig sé chun solais gurbh í Lucy Letby an t-aon duine den fhoireann leighis a bhí ar dualgas sa bharda gach aon uair a d'éirigh naíonán an-tinn ar fad.

Ní raibh aon chúis nádúrtha leis na leanaí a dhul in ainseal, a mhaígh an t-ionchúiseamh.

Maíodh gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú. D'instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d'ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith, a dúradh.

Lucy Letby á ceistiú ag póilíní in 2018

Cuireadh tús le triail Lucy Letby, atá 33 bliain d'aois, i mí Dheireadh Fómhair anuraidh agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith.

Níor chuidigh na nótaí a fuarthas ina teach lena cás, áfach.

I gceann de na nótaí a bhí scríofa ar bhileoigín aici, thug sí le fios gur mharaigh sí na naíonáin d'aon ghnó mar, dar léi, nár dhuine sách maith í chun aire a thabhairt dóibh.

Scríobh sí gur dhuine olc a bhí inti agus nach raibh an bheatha shaolta seo tuillte aici.

Gearrfar pianbhreith ar Lucy Letby Dé Luain seo chugainn.

Tá fiosrúchán neamhspleách faoin gcás ordaithe ag Rialtas na Breataine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ