Theip ar leath na ndabhachanna séarachais a ndearna údaráis áitiúla cigirceachta orthu anuraidh de réir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA).
Breis is 1,100 láthair a scrúdaíodh i 2022.
Theip ar 560 acu.
Bhí baol do shláinte an duine agus don timpeallacht i 230 acu - 21% den iomlán.
Fabhtanna struchtúir agus easpa cothabhála an dá phríomhchúis a bhí leis an líon a theip an chigireacht.
Tá €5,000 de dheontas le fáil ag teaghlaigh le caoi ar chóras lochtach, ag brath ar choinníollacha ar leith.

Deir an EPA sa tuarascáil nua go gcaithfidh údaráis áitiúla tabhairt faoi bhreis chigireachta ar mhaithe le sláinte an duine agus folláine na timpeallachta a chosaint.
Údar ar leith imní dóibh a deir siad go bhfuil an líon dabhachanna lochtacha nár cuireadh caoi orthu le 2 bhliain anuas tar éis méadú faoi 5 ó 2016.
Faoi dheireadh na bliana seo caite bhí 550 teaghlach curtha ar an eolas faoi dhabhach fabhtach le 2 bhliain nó tuilleadh agus gan caoi curtha fós air.
Deir an Ghníomhaireacht freisin go bhfuil údaráis ar leith sa tír nach bhfuil i mbun gnímh mar ba cheart faoi fhógraí faoi theipeadh dabhachanna.

I Ros Comáin, Port Láirge, Liatroim agus i dTiobraid Árann atá na rátaí is ísle de theipeanna a raibh caoi curtha orthu i n-imeacht 2 bhliain ón bhfógra a bheith eisithe chuig teaghlach.
Tá imeachtaí dlí tionscnaithe i gcás 47 teaghlach le 10 mbliana anuas - 11 acu sin anuraidh.
Bhain 90% de na cásanna sin ó 2013 le teaghlaigh i Loch Garman, i gCiarraí agus i Maigh Eo.
Beagnach 500,000 teaghlach sa tír atá i dtuilleamaí dabhach séarachais.