skip to main content

Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes tar éis éirí as de bharr na conspóide faoi íocaíochtaí faoi cheilt le Ryan Tubridy

"Gabhaim leithscéal gan agús le cách" - Dee Forbes
"Gabhaim leithscéal gan agús le cách" - Dee Forbes

Tá Ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes tar éis éirí as de bharr na conspóide faoi na híocaíochtaí faoi cheilt a déanadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy.

I ráiteas ar maidin deir Dee Forbes go bhfuil sí tar éis "comhoibriú agus dul i ngleic i rith an ama" leis na próisis atá tionscnaithe le theacht ar fhreagraí faoin iliomad ceisteanna a bhaineann leis na híocaíochtaí rúnda.

Deir sí gurbh ise "mar Ardstiúrthóir a bhí freagrach i ndeireadh na dála as an méid a tharlaíonn san eagraíocht."

"Táim lán dáiríre faoin bhfreagracht sin. Táim ag éirí as mo phost le héifeacht láithreach."

Deir an t-iar cheannasaí go bhfuil sí "go mór in aiféala faoin méid a tharla agus faoin mbaint a bhí agamsa leis agus gabhaim leithscéal gan agús le cách."

Deir Dee Forbes go bhfuil "fíor-ghean" aici ar RTÉ agus "ar na daoine atá ag obair ann, agus ar an bpobal ar a ndéanann RTÉ freastal - ar luachanna agus misean an eagrais, a stádas ar leith mar chraoltóir seirbhís phoiblí agus ar chlú na heagraíochta."

Ach deir sí freisin "nach bhfuil Bord RTÉ tar éis caitheamh liom, ná baol air, leis an gcothroime, meas agus cothromas atá ag dul do gach duine mar fhostaí, mar chomhghleacaí ná mar dhuine."

"Tá sé sin ar fad tar éis tionchar tromchúiseach agus leanúnach a bheith aige ar mo shláinte agus folláine."

Deir an ceannaire-a-bhí gurbh í a bhí i gceannas ar na comhráití leis an ngníomhaire atá ag Ryan Tubridy, i dteannta feidhmeannaigh shinsearacha eile de chuid RTÉ.

Deir sí gur lorg siad socrú leis an láithreoir a choinneáil ach conradh nua a réiteach le 15% de choigilt a aimsiú.

Lorg siad a deir sí "páirtí tráchtála seanbhunaithe le tabhairt faoi chaidreamh tráchtála go díreach" leis an gcraoltóir teilifíse agus raidió.

"Tar éis dian-phlé agus mórchuid cumarsáide inmheánach thar thréimhe roinnt míonna le comhghleacaithe in RTÉ – comhghleacaithe airgeadais agus comhghleacaithe dlí ina measc – tagadh ar shocrú a chinntigh laghdú ar chostas RTÉ" a deir Dee Forbes.

Dheimhnaigh Bord RTÉ go bhfuil comhfhreagras faighte acu ón iarArdstiúrthóir.

Dheimhnigh siad freisin go mbeidh ionadaithe ón mBord agus ó Fheidhmeannas RTÉ ag gabháil os comhair an Oireachtais i rith na seachtaine - ag Coiste na Meán agus ag Coiste na gCuntas Poiblí.

An tseachtain seo caite a d'admhaigh RTÉ gur íoc siad €345,000 faoi cheilt le Ryan Tubridy, airgead sa mbreis ar a thuarastal nár tuairiscíodh don phobal ná don Oireachtas.

Sa Márta a dúirt siad a fritheadh amach faoi tar éis fiosrú ón iniúchóir Deloitte.

Cuireadh Dee Forbes ar fionraí Dé Céadaoin.

Bhí sí ceaptha imeacht óna ról mí Iúil.

Deir Cathaoirleach Choiste na Meán san Oireachtas Niamh Smyth go bhfuil sí ag súil fós go dtiocfaidh Dee Forbes os comhair an Choiste arú amárach.