skip to main content

An t-amhránaí Christy Dignam tar éis bháis

Christy Dignam
Christy Dignam

Tá an t-amhránaí cáiliúil as Fionnghlas i mBaile Átha Cliath Christy Dignam tar éis bháis. Bhí sé 63 bliain d'aois agus bhí sé tinn le tamall.

Is mar phríomhamhránaí an ghrúpa rac-cheoil Aslan is mó a bhí cáil ar Christy Dignam.

Is é féin agus triúr eile a bhunaigh Aslan i 1982 agus bhí an-tóir ar an ngrúpa i mBaile Átha Cliath go háirithe ag an am.

Thaifead Christy Dignam albam amháin le Aslan i 1988 ach d'fhág sé an grúpa sular taifeadadh an dara ceann.

Bhí sé ag tógáil drugaí ag an am – hearóin thar aon druga eile – agus ní raibh sé in araíocht tabhairt faoin obair dá bharr sin.

Chaitheadh sé na drugaí in aer agus théadh sé ar ais orthu go minic, ach thagadh sé tríd gach uair.

Fuair Christy amach in 2013, áfach, go raibh aimileoideois agus ailse air.

Bhí teacht aniar san fhear mar sin fein agus lean sé air ag casadh in éindí le Aslan, agus le ceoltóirí eile, go dtí gur buaileadh go dona tinn é an fómhar seo caite.

I dtús na bliana seo, fógraíodh go raibh an tinneas ag dul in ainseal ar Christy agus go raibh cúram maolaitheach á chur ar fáil dó.

Maireann a bhean chéile Kathryn, a iníon Kiera agus a gharchlann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ