Tá sé fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O'Donovan go bhfuil plean teanga Gaeilge beartaithe le haghaidh Bhéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, mar chuid den phróiseas pleanála teanga.
Chuige sin, a dúirt an tAire, cuirfidh Údarás na Gaeltachta tús láithreach le heagraíocht chuí a aimsiú agus a cheapadh leis an bplean a chur i dtoll a chéile agus a chur i bhfeidhm.
I bpreasráiteas, thug Patrick O'Donovan le fios go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta maoiniú ar fáil leis na costais a bhainfeas le dreachtú an phlean a sheasamh chomh maith le hallúntas bliantúil de €100,000 lena fheidhmiú.
Fóstófar Oifigeach Pleanála Teanga mar chuid den phlean, a dúradh.
Tá go dtí deireadh na míosa seo ag eagraíochtaí ar mian leo an cúram a thógáil orthu féin cur isteach air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ