Tá cuardach ag dul i gcónaí i gCo Aontroma tráthnóna ar bhean óg atá ar iarraidh le beagnach seachtain.
Deir na póilíní go bhfuil an-imní orthu faoinar bhain do Chloe Mitchell, atá 21 bliain d'aois, agus a chonacthas go deireanach sa Bhaile Meánach go moch ar maidin Dé Sathairn seo caite.
Tá fear 26 bliain gafa ag na póilíní agus tá teach i lár an bhaile á scrúdú acu.
Is sa Lorgain i gCo Ard Mhacha, 60 ciliméadar ó dheas ón mBaile Meánach, a gabhadh an fear.
Tá na póilíní, na seirbhísí tarrthála agus daoine áitiúla i mbun cuardaigh feadh bhruach Abhainn na Brád sa Bhaile Meánach le moch na maidine inné.
Thart ar 35 duine atá páirteach sa chuardach agus is go mall cáiréiseach atá siad ag dul ina cheann ós áit mhongach atá ann.

Táthar ag baint feidhm as saintrealamh cuardaigh freisin, a deir na póilíní.
Tuigtear go bhfuil cuardach ar bun ar láthair eile ar an taobh theas den Bhaile Meánach chomh maith.
Is ar cheamaraí slándála a chonacthas Chloe Mitchell go deireanach agus í ag siúl i lár an bhaile go deireanach oíche Dé hAoine agus go moch ar maidin Dé Sathairn seo caite.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ