Tá fear a gortaíodh i monarcha i gCo Chorcaí beagnach dhá mhí ó shin tar éis bháis.

Dódh go dona John Murphy, a bhí 41 bliain d'aois, de bharr pléisce a tharla i monarcha táirgí leighis Stryker i mBaile na Speire, Carraig Thuathail, ar an 18 Aibreán.

Tá fiosrúchán faoin tionóisc ar bun ó shin ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Rinne an ceardchumann SIPTU comhbhrón inniu le muintir agus comhghleacaithe John Murphy.

Thug urlabhraí SIPTU Allen Dillon le fios go raibh cainteanna iarrtha ar roinnt ócáidí ag an gceardchumann ar bhainistíocht Stryker sa mhonarcha i mBaile na Speire.

Dúirt urlabhraí ó Stryker go raibh an-bhrón ar fad ar an gcomhlacht faoi bhás John Murphy.

Tá thart ar 4,000 duine fostaithe ag Stryker i sé ionad éagsúla i gCorcaigh.

Tá ionaid ag an gcomhlacht i Luimneach agus i mBéal Feirste chomh maith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ