Tugtar le fios i dtorthaí suirbhé a foilsíodh inniu gur goideadh earraí ó bhreis agus leath d'fheirmeoirí na tíre ar na blianta déanacha.

Chuir 79% de na feirmeoirí sin scéal chuig na Gardaí, de réir an tsuirbhé, ach cheap an chuid eile nárbh fhiú.

Ní bhfuarthas ar ais an t-ábhar a goideadh ach in 11% de chásanna, a deirtear.

1,333 feirmeoir a ghlac páirt sa suirbhé a rinne coireolaithe ó Ollscoil Theicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann idir mí Iúil agus mí na Samhna anuraidh.

Thug 55% acu le fios gur trealamh, innealra, uirlisí agus breosla na hábhair ba mhó a goideadh uathu.

Dúirt aon duine dhéag acu gur goideadh gunnaí uathu.

Dar lena mbunáite go bhfuil géarghá le dlíthe níos déine le dul i ngleic le gadaíocht ó fheirmeacha agus creideann siad go bhfuil na cúirteanna róbhog le ciontóirí.

Ba mhian le 42% de na feirmeoirí go mbunófaí aonad speisialta sa Gharda Síochana chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Molann na taighdeoirí iad féin deontais a chur ar fáil d'fheirmeoirí le beartais slándála a chur i bhfeidhm ar a bhfeirmeacha.

Dúradh nach bhfuil aláraim ina dtithe ach ag aon trian d'fheirmeoirí, agus nach bhfuil aláraim ina gcuid bothán agus scioból ach ag 5% acu.

Is fíorbheagán acu, a dúradh, a bhfuil ceamaraí slándála acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ