Tuairiscítear go bhfuil tús curtha ag fórsaí míleata na hÚcráine le frithionsaí mór ar fhórsaí Rúiseacha atá talmhaithe in áiteanna éagsúla in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine.

Deirtear go bhfuil ionsaithe fíochmhara comhordaithe á ndéanamh ag na hÚcránaigh ar bhunáiteanna na Rúiseach in Bakhmut, Donetsk agus Zaporizhzhia.

Tá sé a thuairisciú ag na Rúisigh go bhfuil saighdiúirí coise agus cathláin airtléire ón dá thaobh ag dul i ngleic lena chéile sa réigiún.

Maíonn na Rúisigh chomh maith gur scrios siad os cionn scór tanc leis na hÚcránaigh sa chogaíocht – trí cinn déag in Zaporizhzhia agus ocht gcinn in Donetsk.

Dar le saineolaithe míleata gur ar Zaporizhzhia is mó a bheas na hÚcránaigh ag díriú le súil dhá leath a dhéanamh de chathláin na Rúiseach sa réigiún agus seilbh a ghabháil arís ar an mbóthar go dtí Muir Mheoid.

Creidtear go raibh an frithionsaí á bheartú ag na hÚcránaigh le cúpla mí.

Go deimhin, scéal rúin agus fios ag cách air a bhí ann agus níor leis na Rúisigh ab fhaillí é.

Tuairimítear gur ag féachaint leis an siúl a bhaint de shaighdiúirí Úcránacha a bhí na Rúisigh nuair a bhearnaigh siad an damba ar Abhainn na Dnípire i dtús na seachtaine, más fíor.

Tá na hÚcránaigh agus na Rúisigh fós ag cur an mhilleáin ar a chéile faoin damba a bhearnú.

Gluaisteán faoi uisce i gcathair Kherson, 9 Meitheamh 2023

Cibé acu ba chiontaí leis, tá cuid mhór de limistéar agus de chathair Kherson báite mar gheall ar an ollsceitheadh uisce ón damba agus fágann sin nach féidir leis na hÚcránaigh ruathar a dhéanamh ar na Rúisigh ón taobh sin tíre.

Tá na céadta míle duine teite ón réigiún ó bearnaíodh an damba ach tá na céadta míle eile atá fós ann i gcruachás.

Deirtear nach bhfuil fíoruisce le n-ól acu, gan trácht ar sholáthairtí bia agus leighis a bheith ag dul i dteirce.

Tá imní ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go deimhin go bhféadfadh an calar scaipeadh agus an áit ar maos in uisce salach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ