Maraíodh fear ocht mbliana déag d'aois tar éis dá rothar leictreach imeacht ó smacht agus bualadh faoi philéar i mBaile Átha Cliath aréir.
Tharla an tionóisc in Ardáin Mhic Uilliam ar Lána Bhaile Uí Fhoirtcheirn i dTamhlacht ag thart ar 10.40 aréir.
Bhí an fear óg gortaithe go dona nuair a tháinig na seirbhísí éigeandála ar an mball.
I ndiaidh dóibh cóir leighis a chur air, thug siad é chuig Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, mar ar deimhníodh go raibh sé caillte.
Tá scrúdú teicniúil déanta ag na Gardaí ar láthair na timpiste agus tá siad ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon fhaisnéis ábhartha acu teacht chun cainte leo.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ