Gortaíodh ceathrar páistí óga agus duine fásta nuair a d'ionsaigh fear iad le scian i bpáirc i mbaile Annecy in iardheisceart na Fraince ar maidin inniu.
Deirtear go bhfuil beirt de na páistí agus an duine fásta go dona tinn agus gur mionghortuithe a bhain don bheirt pháistí eile.
Meastar gur thart ar thrí bliana d'aois nó faoina bhun atá na leanaí a hionsaíodh sa pháirc atá suite in aice le loch sa bhaile.
Tuigtear go raibh duine de na leanaí i naíchóiste ag an am.
Tuairiscítear leis gurb as an mBreatain agus an Ísiltír beirt de na leanaí.
Deir na póilíní go ndeachaigh siad i ngleic leis an bhfear a bhí freagrach as an ionsaí agus gur éirigh leo é a cheansú ar deireadh.
Deirtear gur de bhunadh na Siria an fear agus go bhfuil cead cónaithe sa Fhrainc aige.
Measann na póilíní faoi láthair nach ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann.
Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron gur gníomh meata amach is amach a bhí ann.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ