Tá sé ráite ag an Aire Airgeadais Michael McGrath go mb'fhéidir gur cor suntasach i gcúrsaí miondíola é an cinneadh atá déanta ag Tesco praghsanna a ísliú.
D'fhógair Tesco inniu go bhfuil siad le praghsanna raon leathan táirgí a ísliú 10% ar an meán.
Dúradh gur os cionn 700 táirge atá i gceist.
Is mór an faoiseamh an scéala don duine mar chách, de réir dealraimh, ó tá praghsanna ag daoirsiú le breis agus bliain.
Go deimhin, tá praghsanna thart ar 16% níos airde ná mar a bhí i dtús na bliana seo caite.
Os a choinne sin, tá comharthaí ann go bhfuil cúrsaí ag athrú agus tá roinnt príomhtháirgí saoirsithe le cúpla seachtain – bainne, im agus arán ina measc.
Dar le Tesco nach fúthusan amháin atá sé mar mhiondíoltóirí praghsanna a ísilú agus thug siad le fios go bhfuil siad ag dul i gcomhar lena gcuid soláthróirí faoin gceist.
Dúirt Michael McGrath go raibh súil aige go ndéanfadh ollmhargaí eile aithris ar Tesco.
Chuir an Tánaiste Micheál Martin fáilte roimh an scéala leis.
"Coigeartú" sa mhargadh atá ann, arsa Micheál Martin, agus thug sé le tuiscint go bhfuil a leithéid indéanta faoi láthair ó tá costais na n-ollmhargaí íslithe le scaitheamh – costais fuinnimh ina measc.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ