Cíorfaidh an Rialtas inniu moladh go n-íocfadh an Stát €1.5 milliún leis an Aontas Eorpach in áit tuilleadh iarrthóirí ar chosaint idirnáisiúnta – nó iarrthóirí tearmainn – a ligean isteach sa tír.

Is iad an tAire Lánpháirtíochta Roderic O'Gorman agus an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee a chuirfeas an moladh faoi bhráid na Comhaireachta.

Bhí sé geallta ag an Rialtas roimhe seo cead isteach sa tír a thabhairt do 350 iarrthóir tearmainn breise ach tá an bheirt Airí den bharúil anois nach mbeidh dóthain áiteanna cónaithe ná seirbhísí eile ar fáil dóibh.

Faoi chomhaontú a rinne ballstáit an Aontais Eorpaigh, tá cead ag an Rialtas síntiús deonach a thabhairt do chiste speisialta le haghaidh iarrthóirí tearmainn in áit cead isteach in Éirinn a thabhairt do thuilleadh acu.

Tíortha na Meánmhara a bhfuil brú mór ar a gcuid seirbhísí cuardaigh agus tarrthála is mó a bhíonn ag tarraingt as an gciste.

Shocraigh Roderic O'Gorman agus Helen McEntee ar an moladh faoin síntiús a chur faoi bhráid na Comhaireachta agus méadú mór tagtha le gairid ar an líon dídeanaithe ón Úcráin agus iarrthóirí tearmainn ó thíortha eile atá ag teacht go hÉirinn.

Deirtear gur méadú gan choinne atá ann agus nach bhfuil sé d'acmhainn ag an Stát riar a riachtanais a chur ar fáil do gach duine acu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ