Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, diúltaíodh iarratas Gerard Hutch go n-íocfadh an Stát a chuid costas dlí ó fuarthas neamhchiontach é beagnach dhá mhí ó shin i ndúnmharú David Byrne in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath in 2016.
Bhí sé á mhaíomh ag Gerard Hutch nach raibh aon bhun leis an gcinneadh é a chúiseamh sa dúnmharú.
Ba é áitiú an Stáit, áfach, go raibh bun agus bunanna go leor leis an gcás ina aghaidh, agus go raibh an bhaint a bhí aige leis na gunnaí ar baineadh feidhm astu san ionsaí ar an óstán ar cheann acu.
Ghlac triúr breitheamh na cúirte leis an áitiú sin agus dúirt siad freisin go raibh Gerard Hutch ina cheann feadhna ar an drong coireachta eagraithe a mharaigh David Byrne.
Thug siad le fios chomh maith go raibh sé de cheart ag an Stát an dlí a chur air i bhfianaise a raibh mionnaithe ag an mbrathadóir Jonathan Dowdall, gan trácht ar an bhfaisnéis a bhí bailithe ag na Gardaí le linn a bhfiosrúcháin.
Ní raibh Gerard Hutch i láthair na cúirte inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ