Cuireadh tús ar maidin inniu le scrúduithe na hArdteistiméireachta agus na Sraithe Sóisearaí.

Tá os cionn 63,000 iarrthóir leis an Ardteist a dhéanamh i mbliana – an Ardteist Fheidhmeach san áireamh – agus tá os cionn 71,000 le tabhairt faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí.

Sin ardú 3% san iomlán ó anuraidh agus solaoid atá ann ar an bhfás atá tagtha ar an daonra.

Mar sin féin, tá ísliú beag tagtha ar an líon daoine atá ag déanamh na gnáth-Ardteiste i mbliana, 59,727 iarrthóir i gcomórtas le 60,210 anuraidh.

Maidir leis an Ardteist Fheidhmeach, tá an líon iarrthóirí ardaithe 20% ó 3,173 go 3,812.

I gcomórtas leis an ngnáth-Ardteist, is ar obair dheaslámhach agus scileanna praiticiúla a fhorbairt a dhíríonn clár na hArdteiste Feidhmí agus leagtar an-bhéim ann ar mheasúnú leanúnach.

I dtaca leis an tSraith Shóisearach de, tá an líon iarrthóirí ardaithe 5% go 71,494.

Ba é Páipéar 1 Béarla an chéad scrúdú a bhí ag na hiarrthóirí uile ar maidin.

Is i mbreis agus 800 ionad – scoileanna dara leibhéal a mbunáite – atá na scrúduithe á reáchtáil.

Is ar an 15 Meitheamh agus ar an 27 Meitheamh a chríochnós an Ardteist Fheidhmeach agus an ghnáth-Ardteist faoi seach.

Eiseofar na torthaí ar an 25 Lúnasa.

Is ar an 19 Meitheamh a dhéanfar an scrúdú deiridh sa tSraith Shóisearach.

Cuirfear san áireamh arís i mbliana agus na páipéir á marcáil gur cuireadh isteach ar theagasc na scoláirí le linn na paindéime.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ