Tá polasaí nua náisiúnta maidir le hoileáin na tíre seolta in Árainn Mhór, Co Dhún na nGall, ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail Heather Humphreys.
Tá sé mar aidhm ag an bplean an daonra sna hoileáin a ardú.
23 oileán amach ó imeallbhord an iarthair idir Dún na nGall agus Corcaigh atá i gceist.
Tá an daonra sna hoileáin sin laghdaithe 13% ó 3,145 go 2,740 ó 1996.
Ina cheann sin, tá 20% de na hoileánaigh 65 bliain d'aois nó níos sine, i gconchlann le 12% go náisiúnta.
Easpa fostaíochta, tithíochta agus seirbhísí is cionsiocair leis an meath agus táthar ag féachaint le dul i ngleic leis na heasnaimh seo ar fad d'fhonn is go bhfanfadh daoine óga sna hoileáin feasta.
Chomh maith leis an daonra a ardú, tá sé mar aidhm ag an bplean geilleagair na n-oileán a éagsúlú; seirbhísí sláinte a fheabhsú; tuilleadh cumhachta a thabhairt do na pobail iad féin; agus bonn níos buaine a chur faoi bhonneagar na n-oileán.
Maidir le héagsúlú geilleagar, forbrófar seirbhísí turasóireachta, cúrsaí cúltuir agus oidhreachta, an earnáil agraibhia agus an fónamh a bhaintear as a bhfarraige.
Chuige sin, cuirfear tuilleadh saoráidí áineasa faoin aer agus ar muir ar fáil le go mbeadh idir dhaoine áitiúla agus thurasóirí in ann leas a bhaint astu.
Beidh fáil níos minice freisin ar sheirbhísí sláinte ar nasc físe.
Féachfar chomh maith lena chinntiú go mbeidh deis ag gach oileánach obair ón mbaile sa chás go mbaineann sin le hábhar.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ