Tá sé tugtha le fios ag an gClárlann Náisiúnta Ailse gur cuireadh as do sheirbhísí diagnóisithe ailse le linn na bliana 2021 mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.
De réir réamhfhigiúirí atá curtha ar fáil ag an gClárlann, bhí an líon cásanna ailse a diagnóisíodh in 2021 6% níos ísle ná mar a bhí súil leis.
Thar aon chineálacha eile ailse, níor diagóisníodh an líon cásanna d'ailse phaincréasach agus ailse dhuánach agus a bheifí ag súil leis mar gheall ar na srianta a bhí ar sheirbhísí i gcaitheamh 2021, a dúradh.
Tugadh le fios chomh maith gur 1,665 cás ailse a diagnóisíodh in 2021.
Maidir le 2020, níor diagnóisíodh an líon cásanna d'ailse cholaireicteach, ailse brollaigh agus ailse ceirbheacs agus a bheifí ag súil leis, a dúradh.
Dúirt Rachel Morrough ó Chumann Ailse na hÉireann go léiríonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil inniu gur mithid cur le seirbhísí tástála ailse i riocht agus gur féidir an galar a dhiagnóisiú in am agus i gcúinsí eisceachtúla cosúil le paindéim.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ