Ní mór do Rialtais na hÉireann agus na Breataine dul i gcomhar le chéile lena chinntiú nach dtéann feisirí an DUP ar saoire an tsamhraidh sula mbunófar forais Stormont an athuair, a dúirt Conor Murphy ó Shinn Féin.

Is ag labhairt a bhí sé tar éis cruinniú a bhí aige leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, an Tánaiste Micheál Martin, i mBéal Feirste.

Dúirt Conor Murphy nár chóir ligean don DUP paidir chapaill a dhéanamh dá gcasaoid agus an cheist a chur ar an méar fhada arís eile.

Tá an DUP ag diúltú aon pháirt a ghlacadh i bhforais Stormont nó go ndéanfar na leasuithe is mian leis an bpáirtí sin ar shocruithe trádála idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain.

De cheal polaiteoirí, tá státseirbhísigh shinsearacha fágtha i mbun an bhacáin agus is iad atá ag reáchtáil seirbhísí poiblí sa Tuaisceart faoi láthair.

Dar leosan go bhfuil na milliúin punt breise ag teastáil leis na seirbhísí sin a choinneáil ag imeacht, go háirithe nuair chuirtear san áireamh go bhfuil roinnt aighneas faoi chúrsaí pá san earnáil phoiblí fós le réiteach.

Bhí cruinnithe béal ar bhéal ag Micheál Martin le Sinn Féin, Páirtí na Comhghuaillíochta agus Páirtí Aontachtach Uladh i mBéal Feirste inniu, agus is ar an bhfón a labhair sé le ceannairí an SDLP agus an DUP.

Tá gach páirtí díobh, seachas an DUP, ag iarraidh dul ar ais i Stormont.

I ndiaidh an chomhrá a bhí aige leis an Tánaiste ar an bhfón, dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson gur dhona an mhaise do Rialtas na hÉireann an dearmad céanna a dhéanamh faoi dhó agus neamhaird a thabhairt ar mhianta an phobail aontachtaigh i dtaca le ceist na socruithe trádála de.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ