Tá príosún saoil gearrtha ar fhear 32 bliain d'aois a mharaigh ceathrar ón teaghlach céanna i gCo Fhear Manach os cionn cúig bliana ó shin.
I gcúirt i gCo Ard Mhacha inniu, phléadáil Daniel Sebastian Allen ciontach i ndúnmharú triúr den cheathrar agus i ndúnorgain an duine eile.
Is iad an triúr a d'admhaigh sé a dhúnmharaigh sé Roman Gossett sé bliana déag d'aois; a dheirfiúr Sabrina Gossett naoi mbliana déag d'aois; agus iníon Sabrina, Morgana Quinn, a bhí cúig mhí dhéag.

Dúradh gur dúnorgain a bhí i gceist i gcás Denise Gossett, máthair Roman agus Sabrina, mar go raibh comhaontú féinmharaithe déanta ag Daniel Allen léi.

Cailleadh an ceathrar de bharr dóiteáin ina dteach ar Bhóthar an Dúin i nDoire Loinn i ndeisceart Fhear Manach ar an 27 Feabhra 2018.
Phléadáil Daniel Allen ciontach inniu chomh maith i ndó mailíseach agus rún aige beatha a chur i mbaol.
Sular tugadh chun na cúirte in Craigavon ar maidin é, bhí Daniel Allen ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú agus bhí tús le cur lena thriail os comhair giúiré inniu.
Tabharfar os comhair cúirte arís é ar an 15 Meán Fómhair, tráth a fhogrófar cén t-íostéarma a chaithfeas sé a chur isteach sa phríosún.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ