Tá fear sna daicheadaí gafa ag na gardaí maidir le ruathair a thug siad faoi thithe cónaithe agus gnólachtaí i gceantair áirithe i gCo.Bhaile Átha Cliath inné.

Bhain na ruathair le feachtas faisnéise atá ag gardaí faoi láthair maidir le buíonta coirpeach sa chontae sin.

I measc na gceantar a tháinig faoi scáth an fhiosrúcháin seo inné bhí Leamhcán,Fionnghlas,Caisleán Cnucha agus Baile Uí Rónáin.

Ceann de na gluaisrothair goidte a fuarthas le linn na ruathar

D'éirigh le gardaí theacht ar lear suntasach drugaí chomh maith le €200,000 in airgead tirim,armlóin,gluaisrothair a bhí goidte,fóin póca agus ríomhairí glúine.