I gCúirt Dúiche Bhaile Átha Troim aréir, cúisíodh bean 43 bliain d'aois i ndúnmharú bheirt fhear as Baile Átha Cliath a bhfuarthas a gcoirp ar oileán beag i loch i gCo na Mí naoi mbliana ó shin.

Eiseachadadh Ruth Lawrence go hÉirinn ón Afraic Theas tráthnóna inné agus cúisíodh í i Stáisiún Gardaí Bhaile Átha Troim i ndúnmharú na beirte fear sular tugadh os comhair na cúirte í.

Dúirt Garda sa chúirt nach ndúirt Ruth Lawrence aon ní nuair a cuireadh an chúis ina leith.

Fuarthas coirp Eoin O'Connor agus Anthony Keegan, as an gCúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, agus leatháin phlaisteacha casta timpeall orthu ar Inse Cop i Loch Síleann ar an 26 Bealtaine 2014.

Creidtear go ndeachaigh an bheirt le chéile chun an cheantair an mhí roimhe sin d'fhonn bualadh le duine éigin nó le dream éigin.

Chuir a dteaghlaigh fios ar na Gardaí, áfach, nuair nach bhfuair siad aon scéala uathu ina dhiaidh sin.

Eoin O'Connor, a bhí 32 bliain, agus Anthony Keegan, a bhí 33 bliain

Sa chúirt aréir, ceadaíodh saorchúnamh dlí do Ruth Lawrence agus cuireadh siar faoi choinneáil í.

Tabharfar os comhair cúirte i mBaile Átha Cliath ar nasc físe í Dé Máirt seo chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ