Tá fiosrúchán dúnmharaithe ar bun ag na Gardaí maidir le bás mná sna seascaidí a bhfuarthas a corp i nDún Dealgan, Co Lú, tráthnóna arú inné.

Thángthas ar chorp na mná i dteach ar Shráid an Droichid ar an mbaile agus creidtear gurb amhlaidh a hionsaíodh go brúidiúil í.

Rinneadh scrúdú iarbháis ar chorp na mná inné ach níl na Gardaí ag iarraidh na torthaí a fhoilsiú go fóill.

Rinne oifigigh ó Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána scrúdú dlí-eolaíochta ar an láthair inné agus labhair na Gardaí le daoine sa chomharsanacht freisin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ