Sádh agus maraíodh fear sna daichidí in Inis Córthaidh, Co Loch Garman, aréir.

Ionsaíodh an fear i dteach ar an taobh thuaidh den bhaile go gairid roimh 9 a chlog.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála ach bhí an fear caillte faoin am a bhain siad an áit amach.

Gabhadh fear sna fichdí faoin ionsaí agus tá sé á cheistiú i Stáisiún Gardaí Inis Córthaidh.

Tá scrúdú dlí-eolaíochta á dhéanamh ar láthair an mharaithe inniu agus déanfar scrúdú iarbháis ar chorp an mhairbh níos deireanaí inniu.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ