Tionlacadh bean as Baile Átha Cliath ar ais go hÉirinn ón Afraic Theas tráthnóna ag oifgigh ó Aonad Eiseachadta an Gharda Síochána.
Gabhadh Ruth Lawrence, atá 42 bliain d'aois, i gcathair Bloemfontein í mí Dheireadh Fómhair seo caite de bhun barántais ghabhála idirnáisiúnta agus tá sí faoi choinneáil ó shin.
Tá na Gardaí ag iarraidh í a cheistiú faoi dhúnmharú bheirt fhear as Baile Átha Cliath i gCo na Mí naoi mbliana ó shin.
Fuarthas coirp na beirte – Eoin O'Connor agus Anthony Keegan – agus leatháin phlaisteacha casta timpeall orthu ar Inse Cop i Loch Síleann, Co na Mí, i mí Aibreáin 2014.
Creidtear go ndeachaigh an bheirt le chéile chun an cheantair d'fhonn bualadh le duine éigin nó le dream éigin.
Chuir a dteaghlaigh fios ar na Gardaí, áfach, nuair nach bhfuair siad aon scéala uathu ina dhiaidh sin.
Tuigtear go ndeachaigh Ruth Lawrence chun na hAfaice Theas go luath ina dhiaidh sin in éindí lena páirtí Neville van der Westhuizen.
Tá na Gardaí ag iarraidh eisean a cheistiú chomh maith faoi dhúnmharú Eoin O'Connor agus Anthony Keegan, ach tá téarma príosúin saoil á chur isteach aige san Afraic Theas faoi dhúnmharú eile.
Tuigtear go dtabharfar Ruth Lawrence os comhair cúirte i gCo na Mí tráthnóna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ