Tá gradam iarbháis le bronnadh ag na Náisiúin Aontaithe ar an Saighdiúir Singil Seán Rooney, an tÓglach Éireann a maraíodh sa Liobáin anuraidh.
Lámhachadh agus maraíodh Seán Rooney agus leonadh triúr saighdiúirí eile - duine acu go han-dona - ar an 14 Nollaig 2022 agus iad ar dualgas síochána le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe i ndeisceart na Liobáine.
Bhí Seán Rooney 23 bliain d'aois agus b'as an mBaile Nua i gCo Dhún na nGall é.
Maraíodh é nuair a rinneadh ionsaí lámhaigh ar an bhfeithicil armúrtha a bhí sé a thiomáint gar do shráidbhaile Al-Aqbiya atá faoi smacht an pháirtí armtha Hezbollah.
Tá seachtar cúisithe ag na húdaráis sa Liobáin faoi pháirt a bheith acu san ionsaí.
Bhí Seán Rooney ina Óglach Éireann ó 2019 agus bhain sé leis an 27ú Cathlán Coisithe atá bunaithe i nDún Mhic Aogáin i nDún Dealgan, Co Lú.
Ag searmanas i Nua-Eabhrac inniu, glacfaidh Ambasadóir na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe Fergal Mythen le Bonn Dag Hammarskjöld thar ceann mhuintir Rooney.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ