Tá Comhdháil na gCeardchumann ag éileamh an t-íosphá náisiúnta a ardú €2 ó thús na bliana seo chugainn.

€11.30 san uair atá san íosphá náisiúnta faoi láthair.

In aighneacht a chuir na ceardchumainn faoi bhráid an Choimisiúin um Pá Íseal, dúradh go gcuideodh ardú €2 go mór lena lán oibrithe caighdeán réasúnta maireachtála a bhaint amach.

Tá na ceardchumainn ag éileamh chomh maith an t-íosphá a ardú €2 eile ó thús na bliana 2025.

D'fhágfadh sin gur €15.30 san uair a bheadh san íosphá náisiúnta an tráth úd.

Dúirt Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann Owen Reidy gur oibrithe ar phá íseal is mó atá ag streachailt leis an gcostas ard maireachtála agus gur cheart araicis a thabhairt orthu.

Mar a tharlaíonn sé, tá sé beartaithe ag an Rialtas an t-íosphá náisiúnta a chur ar neamhní agus pá náisiúnta maireachtála – mar a thugtar air – a thabhairt isteach ina áit.

Is ar phá airmheánach oibrithe uile na tíre a bhunófar an pá náisiúnta maireachtála.

Luach 60% den ráta pá airmheánaigh – pé ráta a bheas ann – a íocfar le daoine atá ar an bpá is ísle, de réir a bhfuil ar intinn ag an Rialtas.

Dá mba é an ráta sin a bhíothas a íoc le daoine inniu, is €13.10 a bheadh san íosphá náisiúnta seachas an €11.30 atá ann faoi láthair.

Is de réir a chéile as seo go ceann ceithre bliana a dhéanfar an t-athrú ó íosphá náisiúnta go pá náisiúnta maireachtála.

Tá sé ráite ag na ceardchumainn tar éis gur maith an scéal é go mbeidh pá maireachtála ann nár mhór é a thabhairt isteach i bhfad roimh 2027 mar atá beartaithe ag an Rialtas.

Tharraing Owen Reidy aird chomh maith ar an ráta níos lú ná an t-íosphá náisiúnta a íoctar le daoine óga.

Faoi láthair, is 80% agus 90% den íosphá náisiúnta a íoctar le daoine ocht mbliana déag agus naoi mbliana déag d'aois.

Is leatrom é seo ar dhaoine óga nach mór a chur ina cheart, arsa an Riadach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ