Tá alt a scríobh triúr Airí Stáit ó Fhine Gael maidir le gnóthaí airgeadais an Rialtais cáinte ag an Tánaiste Micheál Martin ó Fhianna Fáil.
San alt a scríobh an triúr – Jennifer Carroll MacNeill, Martin Heydon agus Peter Burke – moltar faoiseamh cánach €1,000 a thabhairt d'oibrithe sa chéad Bhuiséad eile i gceann ceithre mhí.
Dar le Micheál Martin, áfach, go ndearna an t-alt dochar do phróiseas an Bhuiséid.
Dhearbhaigh sé gurb é an tAire Airgeadais Michael McGrath – Fianna Fáileach – atá freagrach go ginearálta as an bpróiseas sin.
Thug Micheál Martin le fios freisin go gcinnteodh seisean go bhfágfaí an cúram sin faoi Michael McGrath, díreach mar ba mhian leis an bpobal a dhéanfadh sé.
Mar sin féin, dúirt an Tánaiste go bhfuil gach duine sa Rialtas páirteach sa phróiseas atá bunaithe ar Chlár an Rialtais ina ngealltar go laghdófar cáin agus go gcaithfear tuilleadh airgid ar sheirbhísí poiblí.
D'iarr sé ar Theachtaí Dála agus ar Sheanadóirí dul chun cainte le hAirí Rialtais má tá aon mholtaí acu i dtaca leis an mBuiséad de.
Os a choinne sin, mhaígh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta Simon Coveney ó Fhine Gael nár chreid sé go raibh sé ar intinn ag an triúr Airí Stáit cur as d'aon duine nuair a scríobh siad an t-alt.
Tar éis an tsaoil, arsa sé, ní raibh ann ach polasaí Fhine Gael.
Nuair atá borradh faoin ngeilleagar, a dúirt sé, ba chóir faoiseamh a thabhairt do dhaoine ar mheánioncam.
Thug sé le fios chomh maith gur dual do pháirtithe éagsúla tús áite a thabhairt do pholasaithe éagsúla ag amanna éagsúa.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ