Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas fear 28 bliain d'aois neamhchiontach i ndúnmharú fir 25 bliain i mBaile Átha Cliath beagnach dhá bhliain ó shin, ach fuarthas ciontach i ndúnorgain é.

Phléadáil John Titiloye, as Corrán Mhic Uilliam i dTamhlacht, neamhchiontach i ndúnmharú Ademola Giwa – cara leis – a sádh ar an 10 Lúnasa 2021.

Dúradh sa triail go raibh suim bheag airgid amuigh ag John Titiloye ar fhear eile – Samson Fayemi – agus nach raibh sé sásta nach raibh an t-airgead faighte ar ais aige.

Ar a shéala sin, an lá roimh an marú, ghoid John Titiloye scútar Samson Fayemi in éiric an airgid.

An lá dar gcionn, áfach, chuaigh Samson Fayemi agus Ademola Giwa chuig teach John Titiloye agus rún acu an scútar a fháil ar ais.

Thosaigh an triúr agus athair John Titiloye ag bruíon agus ag troid, agus sháigh John Titiloye Ademola Giwa sa mhuineál.

Tugadh Ademola Giwa chun an ospidéil ach cailleadh ansin é níos deireanaí.

Mhaígh John Titiloye sa triail nach raibh aon fhonn air páirt a ghlacadh sa troid agus go raibh sé ag cosaint a athar nuair a sháigh sé Ademola Giwa.

Chaith na giúróirí beagnach cúig huaire an chloig ag machnamh ar an gcás sular fhógair siad a bhfíorasc tráthnóna inniu.

Cuireadh John Titiloye siar faoi choinneáil agus gearrfar pianbhreith air ar an 17 Iúil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ