D'fhógair an tAire Oideachais Norma Foley inniu gur Dé hAoine 25 Lúnasa a fhoilseofar torthaí na hArdteistiméireachta.

Dúirt an tAire gur cor suntasach é na torthaí a bheith ar fáil chomh luath sin i mbliana le hais bhlianta na paindéime nuair a cuireadh moill ar a bhfoilsiú.

Deirtear gur easpa múinteoirí leis na scrúduithe a mharcáil ba phríomhchúis leis an moill.

Ainneoin an phaindéim a bheith thart, cuirfear san áireamh agus na páipéir á marcáil gur cuireadh isteach ar theagasc na scoláirí atá ag déanamh na hArdteiste i mbliana nuair a bhí siad sa chúigiú bliain.

Is é is aidhm leis an mbeart seo nach mbeidh éagothroime ó thaobh pointí de idir iad agus scoláirí a rinne na scrúduithe blianta eile agus atá ag tóraíocht áiteanna i gcoláistí tríú leibhéal i mbliana.

Fógraíodh inniu chomh maith go mbeidh cead ag scoláirí nach bhfuil dóigh mhaith orthu na scrúduithe a dhéanamh tar éis do gach duine eile iad a dhéanamh.

Scoláirí atá go dona tinn nó ar bhásaigh duine muinteartha leo atá i gceist.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ