Tá iarbhainisteoir peile Bhaile Átha Cliath Jim Gavin ceaptha mar chathaoirleach ar bhord Thionscnamh na hIonchathrach Thoir Thuaidh.
Tagann sé in áit an fhir ghnó Michael Stone a d'éirigh as mar chathaoirleach i dtús na bliana i bhfianaise na conspóide a tharraing an caidreamh a bhí aige leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe.
Bhain an chonspóid le híocaíocht a thug Michael Stone d'oibrithe a chroch póstaeir ar son Paschal Donohoe ach nár cláraíodh.
Sheol an Rialtas Tionscnamh na hIonchathrach Thoir Thuaidh in 2016 a bhfuil sé mar aidhm aige athghiniúint shóisialta agus eacnamaíochta an cheantair a stiúradh.
Dírítear cuid mhór d'acmhainní an Tionscnaimh ar chúrsaí oideachais agus oiliúna le dúil dul i ngleic leis an mbochtaineacht sa cheantar.
Bhí Jim Gavin ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir Bhaile Átha Cliath ó 2012 go 2019. Bhuaigh an fhoireann cúig Chraobh na hÉireann as a chéile idir 2015 agus 2019.
Bhí sé ina chathaoirleach ar Thionól Saoránach Bhaile Átha Cliath anuraidh nuair a cíoradh ceisteanna a bhain le struchtúir rialtais áitiuil na cathrach.
Tá sé ag obair d'Údarás Eitlíochta na hÉireann ó 2011 agus is é Príomhoifigeach Oibríochtaí na heagraíochta sin faoi láthair é.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ