Maraíodh beirt ghluaisrothaithe i dtimpistí bóthair in áiteanna éagsúla sa tír.
Maraíodh fear sna fichidí nuair a d'imigh a ghluaisrothar den bhóthar ag Timpeallán Chill Mhártain i mBaile Átha Luain, Co na hIarmhí, ag thart ar 2.20 ar maidin.
Tá an timpeallán agus Acomhal 10 ar bhóthar an N6 dúnta agus scrúdú teicniúil á dhéanamh ag na Gardaí ar láthair na tionóisce.
Tá stráice de bhóthar an R446 idir Baile Átha Luain agus an Móta dúnta chomh maith.
Maraíodh fear sna daichidí nuair a bhuail a ghluaisrothar agus tarracóir faoina chéile i gCnoc Spiúnán, Áth Trasna, in iarthuaisceart Chorcaí ag thart ar 8.15 tráthnóna inné.
Níor gortaíodh aon duine eile de bharr an bhrúscáin.
Tá na Gardaí ag achainí ar aon duine a chonaic ar tharla nó a mbeadh aon eolas ábhartha eile acu maidir le ceachtar den dá thionóisc teacht chun cainte leo nó scéal a chur chucu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ