Tá an tAire Airgeadais Michael McGrath le moladh a chur faoi bhráid na Comhaireachta maidir le leas a bhaint as an bhfarasbarr mór ó cháin chorparáideach atá sa Státchiste faoi láthair agus a cheaptar a bheas ann as seo go ceann roinnt blianta fós.
Ag labhairt dó ar Prime Time ar RTÉ aréir, dúirt Michael McGrath go raibh farasbarr €8 mbilliún ann anuraidh; go gceaptar gur €10 mbilliún a bheas ann i mbliana; agus go mb'fhéidir go mbeadh níos mó fós ann an bhliain seo chugainn agus an chéad bhliain eile ina dhiaidh sin arís.
Dúirt sé gur rífhollas dósan nár mhór don Rialtas ciste de shaghas éigin a bhunú agus sciar suntsasach de na táinte a chur i dtaisce ann.
I dtuarascáil a d'fhoilsigh an Roinn Airgeadais inné, deirtear go bhféadfadh an Stát €65 billiún a ghnóthú ó cháin chorparáideach as seo go ceann trí bliana.
Leagtar amach sa tuarascáil freisin a bhfuil ar intinn ag an Aire McGrath a dhéanamh leis an amhantar.
Thug sé le fios go bhfuil trí chuid sa mholadh a chuirfeas sé faoi bhráid an Rialtais.
Má ghlactar leis an moladh, arsa sé, taiscfear cuid den airgead i gciste infheistíochta fadtéarmaí; bainfear leas as cuid de leis an bhfiachas náisiúnta a laghdú; agus cuirfear an chuid eile ar fáil don Phlean Forbartha Náisiúnta.
Mar gheall nach féidir brath ar admhálacha cánach ó chomhlachtaí ilnáisiúnta i bhfad na haimsire, a dúirt Michael McGrath, níor chríonna an beart é a bheith caifeach ná cáin ioncaim a laghdú anois gan cuimhneamh ar an am atá le teacht.
Gheall an tAire McGrath freisin go gcuirfí €4 bhilliún ar fáil go bhféachfaí le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta.
Mhaígh sé, ámh, nach easpa maoinithe is siocair leis an ngéarchéim sin.
Dar leis gur lochtanna sa chóras pleanála, easpa foirne agus costas ard ábhar tógála, gurb iad sin ar fad is mó a chuireann moill ar thithe a thógáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ