skip to main content

Comhaireamh ar bun i dtoghcháin áitiúla Thuaisceart Éireann

Comhaireamh ar bun i dtoghcháin áitiúla Thuaisceart Éireann
Comhaireamh ar bun i dtoghcháin áitiúla Thuaisceart Éireann

Tá an comhaireamh ar bun i dtoghchán áitiúla Thuaisceart Éireann.

Chuaigh muintir an Tuaiscirt go dtí na botháin vótála inné lena gcuid vótaí a chaitheamh chun comhairleoirí áitiúla a thoghadh.

Tá breis agus 100 comhairleoir tofa go dtí seo agus 462 suíochán san iomlán le líonadh in 11 comhairle ar fud an Tuaiscirt.

Meastar gur caitheadh níos mó vótaí i gceantracha Náisiúnacha ná mar a caitheadh i gceantracha Aontachtacha.

Is ag páirtí Shinn Féin is mó a bhí iarrthóirí an babhta seo iad ag iarraidh a bheith ar an bpáirtí is mó sa Rialtas áitiúil i dTuaisceart Éireann.

807 iomaitheoir a bhí sa rás.

Meastar go bhféadfadh an comhaireamh leanúint ar aghaidh ar feadh dhá lá.