skip to main content

Biden le seasamh sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024

Joe Biden agus Kamala Harris le seasamh arís sa chéad toghchán eile
Joe Biden agus Kamala Harris le seasamh arís sa chéad toghchán eile

Tá sé dearbhaithe ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go mbeidh sé ina iarrthóir arís ar son an Pháirtí Dhaonlathaigh sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024.

Is i bhfíseán a d'eisigh a fhoireann toghchánaíochta a dheimhnigh Joe Biden, atá 80 bliain d'aois, go n-iarrfadh sé ar mhuintir Mheiriceá an dara téarma ceithre bliana a lamháil dó.

Maíonn an tUachtarán Biden san fhíseán go ndearna sé an cinneadh seasamh arís mar go bhfuil sé de dhualgas air daonlathas na Stát Aontaithe a chosaint.

Is obair í a bhfuil bailchríoch le cur uirthi, ar sé.

Cáineann sé freisin clár oibre an Pháirtí Phoblachtaigh i dtaca le cúram sláinte ban, leas sóisialta agus saoirse cainte de.

Dealraíonn sé faoi láthair gurb é Donald Trump a bheas mar chéile comhraic ag Joe Biden sa toghchán an bhliain seo chugainn, cé nach bhfuil sé aimnithe mar iarrthóir ag na Poblachtaigh fós.

Ní gan dua, áfach, a bhainfeas Joe Biden an dara téarma amach, má bhainfidh.

Níl ach 39% de phobal Mheiriceá sásta leis, de réir suirbhé a foilsíodh sé lá ó shin.

Ina cheann sin, tugadh le fios i suirbhé eile go bhfuil an aois mhór atá aige ar cheann de na fáthanna nach gcreideann ach duine as gach ceathrar gur cheart dó seasamh arís.

Os a choinne sin, dar lena chuid dochtúirí go bhfuil an tsláinte go maith ag Joe Biden agus go bhfuil sé sách folláin lena dhualgais a chomhlíonadh mar is cóir.

Dearbhaíodh san fhíseán toghchánaíochta chomh maith go mbeadh an Leas-Uachtarán Kamala Harris ina comhiarrthóir aige arís in 2024.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ