skip to main content

Leas-Phríomhaire na Breataine, Dominic Raab, le héirí as

Tá Dominic Raab (ar chlé) ar an tríú haire sinsearach le héirí as rialtas Rishi Sunak (ar dheis)
Tá Dominic Raab (ar chlé) ar an tríú haire sinsearach le héirí as rialtas Rishi Sunak (ar dheis)

Tá sé fógartha ag Leas-Príomhaire na Breataine, Dominic Raab, go bhfuil sé le héirí as a phost, i ndiaidh d'fhiosrúchán neamhspleách a léiriú go ndearna sé bulaíocht ar chomhghleacaithe.

Tá an tUasal Raab anois ar an triú haire sinsearach le héirí as rialtas Rishi Sunak le sé mhí anuas de bharr drochiompair phearsanta.

Is údar náire é seo do Rishi Sunak, a ghlac oifig mar Phríomhaire na Breataine i mí Dheireadh Fómhair 2022 faoi ghealltanas go mbeadh ionracas agus macántacht ag baint lena rialtas.

Cuireann sé seo le hanró an Pháirtí Choimeádaigh agus toghcháin áitiúla ar na bacáin i Sasana i gceann coicíse. Sular éirigh Dominic Raab as, fiú, bhí sé tuartha go mbeadh drochthorthaí i ndán dóibh.

Tagann an scannal is deireanaí seo sna sála ar na conspóidí uilig a bhain le tréimhse Boris Johnson mar phríomhaire agus ar an gclampar a bhain le polasaithe eacnamaíochta tubaisteacha Liz Truss le linn a tréimhse giorra i gceannas.

Tugadh fianaise le linn an fhiosrúcháin maidir le hiompar an Uasail Raab go ndearna sé bulaíocht ar oifigigh éagsúla i dtrí roinn éagsúla.

Thug sé le fios inniu gur cé go bhfuil dualgas air glacadh le torthaí an fhiosrúcháin, go bhfuil seisean den bharúil nach ndearna sé tada as bealach.

"Baineann sé dár gcumas rialú éifeactach a chur i gcrích", a dúirt sé, "an tairseach a bheith chomh híseal ar shainmhíniú bulaíochta."