I gcúirt choiriúil sa Fhrainc, fuarthas an comhlacht déantúsaíochta eitleán Airbus agus an aerlíne Air France neamhchiontach i ndúnorgain neamhdheonach i dtaca le tubaiste eitleáin in 2009 inar maraíodh 228 duine, triúr Éireannach ina measc.
Thuairt an t-eitleán A330 san Aigéan Atlantach agus í ar a bealach go Páras as Rio de Janeiro ar an 1 Meitheamh 2009.
Maraíodh gach uile dhuine a bhí ar bord an eitleáin, triúr dochtúirí óga as Éirinn ina measc.
B'in iad Aisling Butler, 26 bliain, as Ros Cré, Co Thiobraid Árann; Jane Deasy, 27 bliain, as Baile Átha Cliath; agus Eithne Walls, 28 bliain, as Béal Feirste.
Ní bhfuarthas taifeadáin an eitleáin go ceann dhá bhliain i ndiaidh na tubaiste agus in 2012 chinn imscrúdaitheoirí eitlíochta gur earráidí a rinne na píolótaí ba chúis leis.
Dúradh gur cuireadh na píolótaí dá dtreoir mar gheall ar fhabht a bhí sa trealamh monatóireachta luais.
Níor cuireadh comhlacht ar bith ar a thriail riamh roimhe seo sa Fhrainc faoi dhúnorgain neamhdheonach.
Rialaigh an chúirt, áfach, nach bhféadfaí a chruthú gur ar Airbus ná ar Air France a bhí an milleán faoin tubaiste.
Ghlac an chúirt leis go raibh faillí i gceist ach nárbh ionann sin agus freagracht gan agó.
Ní leor nasc cúisíoch dóchúil le cion a chruthú, a dúirt an breitheamh.
Phléadáil an dá chomhlacht neamhchiontach sa chúis, arbh é fíneáil €225,000 an pionós ba dhéine a d'fhéadfaí a ghearradh orthu faoi.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ