Cuirfidh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden tús lena chuairt chúig lá ar Éirinn i mBéal Feirste Dé Máirt 11 Aibreán.

Rachaidh sé go Baile Átha Cliath an lá dar gcionn agus fillfidh sé ar Washington ar an 15 Aibreán.

Tabharfaidh Joe Biden cuairt ar Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins in Áras an Uachtaráin fad is atá sé i mBaile Átha Cliath.

Beidh an Taoiseach Leo Varadkar ina fhear an tí ag fáiltiú a reáchtálfar in onóir an Uachtaráin Biden i dTeach Bhán na Feirme i bPáirc an Fhionnuisce.

B'as Co Lú agus Co Mhaigh Eo cuid de shinsear Joe Biden agus meastar go dtabharfaidh sé sciuird ar an dá chontae sin.

Ní fios fós an dtabharfaidh sé aon óráid phoiblí os comhair na mathshluaite a bheas bailithe lena fheiceáil.

Má thugann, a deirtear, is san iarthar a bheas sé.

Tuigtear nach mbeidh an tUachtarán Biden i láthair ag níos mó ná trí ócáid gach lá dá chuairt.

Cuairt oifigiúil atá ann seachas cuairt Stáit agus ní bheidh an oiread sin poimpe ná ardnósanna ag baint leis dá bharr sin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ