Coigistíodh beagnach milliún cógas leighis góchumtha nó neamhdhleathach in Éirinn anuraidh, de réir an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte.

Thart ar 940,000 táibléad, capsúl nó fial neamhdhleathach a tógadh in 2022.

Catagóirí éagsúla cógas a bhí i gceist, arbh iad a mbunáite támhacháin (26%), stéaróidigh anabalacha (22%), táibléid le haghaidh mífheidhmiú ardúcháin (9%), pianmhúcháin (7%) agus spreagthaigh (5%).

Dúnadh nó leasaíodh 639 suíomh gréasáin agus nasc gréasáin i gcaitheamh na bliana chomh maith.

Tá foláireamh tugtha ag an Údarás Rialála Táirgí Sláinte don phobal faoin gcontúirt a bhaineann le cógais leighis a ordú ar líne agus ó fhoinsí neamhúdaraithe trí chéile.

Thug Gráinne Power ón Údarás le tuiscint gur muc i mála atá ann.

Níl a fhios ag daoine i ndáiríre cad atá siad a cheannach nuair a ordaíonn siad cógais leighis ar líne, arsa sí.

Níl aon insint ar an nguais atá siad á gcur féin ann nuair a ghlacann siad cógas gan comhairle dochtúra, a dúirt Gráinne Power.

Ní foláir, thar aon ní eile, fo-iarsmaí gan choinne agus imoibriú le cógais eile a chur san áireamh, a dúirt sí.

Mheabhraigh sí don phobal gur dronga coirpeach eagraithe go minic na daoine a reáchtálann na suímh ghréasáin a dhíolann cógais ghóchumtha.

Oibríonn an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte i gcomhar leis an nGarda Síochána agus le Custaim na hÉireann le treampán a chur ar dhaoine a sholáthraíonn cógais leighis neamhdhleathacha.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ