Tá an Rialtas tagtha slán ón rún mímhuiníne a bhí curtha os comhair Dháil Éireann ag Páirtí an Lucht Oibre.
86 Teachta Dála a vótáil i bhfabhar leasú an Rialtais ar an rún, agus 67 a vótáil ina aghaidh.
Bhain an rún le cinneadh conspóideach an Rialtais deireadh a chur ón Satharn seo chugainn leis an gcosc ar dhíshealbhú tionóntaí.
Vótáil an Teachta Dála Neasa Hourigan ón gComhaontas Glas ar son an Rialtais sa Dáil inniu.
Cuireadh Neasa Hourigan ar fionraí ó pháirtí parlaiminte an Chomhaontais Ghlais go ceann cúig mhí dhéag ar a laghad tar éis di vótáil in aghaidh an Rialtais sa Dáil ar cheist an díshealbhaithe an tseachtain seo caite.
Roimh an vóta inniu, bhí sé ina allagar teasaí idir an Rialtas agus an freasúra agus iad in earraid le chéile ar feadh nach mór dhá uair an chloig go leith.
Cháin an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghail an dá dhream faoin athnascadh síoraí a bhí siad a dhéanamh ar a chéile i gcaitheamh na díospóireachta.
Vótáil na Teachtaí Dála Neamhspleácha Michael Lowry, Seán Canney, Noel Grealish, Denis Naughten, Cathal Berry agus Matt Shanahan, vótáil siad ar son an Rialtais.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach raibh i rún Pháirtí an Lucht Oibre ach "dráma polaitiúil, fearg mar dhóigh de agus píosa taibhealaíne".
Tá sé á mhaíomh ag an Lucht Oibre agus ag páirtithe eile an fhreasúra go mbeidh daoine fágtha ar dhroim an bhóthair agus gan dídean de bhíthin chinneadh an Rialtais an cosc ar dhíshealbhú a chur ar ceal.
Chaithfí olltoghchán a ghairm dá gcaillfeadh an Rialtas inniu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ